Satharn álainn grianmhar ag tús mí Mheithimh atá ann agus tá mé ag tiomáint ar an Ormeau thar sean-oifig an phoist. Ar thaobh eile an bhealaigh mhóir, taobh amuigh den Bangla Bazar, tá beirt fhear ón Rómáin. Sna daicheadaí atá siad, is dócha, brístí dubha giobalacha agus seaicéid culaithe, snasta, gan dul lena chéile, orthu. Is é mo chomharsa é an fear blagaide leis an croiméal mar Saddam Hussein, trasna na sráide uaim, líon tí ghá thaghlach. Tá siad ag roinnt buidéal ollmhór fíona báine eatortha. Tá sé beagnach folamh. Coinníonn mo chomharsa greim ar a rothar lena lámh chlé, ag tógáil slogadh fada, tartmhar den bhuidéal. Tá an rothar aosta, le paistí meirge tríd an péint agus tá ciseán chun tosaigh idir na cluasa agus an roth. Ag gobadh aníos as tá iasc fíor-thoirtiúil. Tá na súile dubha marbha ag stanadh go fiata ar an saol beo thart air. Ní fios domh sort éisc a bhí ann, nó cá h-as ar tháinig sé, ach bhí sé ramhar, ubhchruthach, agus dhá throigh ar fhad, go h-éasca. Dúshlán cócaireachta cinnte.
Tá mé sa bhaile roimh mo chomharsa agus tar éis domh an tsiopadóireacht a stóradh gheibhim canna fuar beorach agus tosaím ag fuastaráil thart sa ghairdín tosaigh. Tá cuid de na Rómáinigh amuigh ar an tsráid : beirt máthair ‘na suí ar an cholbha ag comhrá lena gcara, agus triúr buachaill óga ag rith thart ar an ród. Tá sruth tiubh smugairle ag sileadh ó bheol an té is óige. Tá na héadaigh céanna ar na mná : sciorta fada, T-léine agus scairf cinn ar a gcuid gruaige fhada dhubh. Tá bolganna bleibineacha agus cíocha móra orthu araon. Uaireanta scairteann siad ar na páistí, a thugann neamhaird orthu, ag sugradh leo ar an bhóthar, go dtí go dtigeann carr agus caithfidh an mháthair í féin a thógáil agus é a tharraingt, ag scréach, ar an chosán. Coinnítear seal gairid sa ghairdín tosaigh le liathróid iad.
Tigeann beirt eile amach ón teach : cailíní dhá bhliain déag agus ceithre bhliain déag, measaim. Tá an cailín is óige cairdiúil liom ar an tsráid, ‘mo bheannú le ‘hey’ nuair a chasaim leithi, aoibh tharraingteach an gháire uirthi. Tá cuaráin le sála uirthi, brístí airgid agus t-léine bándearg. Tá an cailín eile feistithe mar atá na máithreacha agus an cruth céanna uirthi. Tá aghaidh dhathúil aici ach níl an aoibh uirthi murab ionann ‘s a cara. Faoina beola druidte tá fiacla gobacha francacha. Ag siúl i dtreo an chúinne ritheann an cailín óg chun tosaigh, ag casadh lena géaga sínte i ndamhsa fíor-aoibhnis. Tá rud eigin san aer.
Níorbh fhada go dtigeann an t-athair ar a rothar. Tuirlingíonn sé go héadrom agus ardaíonn an t-iasc go buacach i dtreo na mban. Féachann sé annon chugam agus ardaím mo ordóg dó. Lasann a aghaidh, díolann sé mé agus isteach leis sa teach lena ghabháil. Fagtar an rothar tréigthe.
Dé Domhnaigh tá sé soineanta arís agus tá mé ag ithe lóin sa ghairdín. Trasna an bóthar tá an chóisir in airde seoil : an ceol fiánta callántach ag borradh amach ar an tsráid ina tonnta trumpa agus fidile. Ard-sult atá acu anonn is cosúil agus samhlaím féin ag dul anonn le buidéal fíona le bheith páirteach ann. Tá an t-iasc mór da ghríoscadh, boladh fíor-bhlasta uaidh. Guthanna fear ag scairt, ag liúireach thar an ceol. Tá siad ag tabhairt catha i gceart istigh ansin.
Ní fada go n-iompraítear an chéad taismeach amach. Deánann na mná líne sa ghairdín ó dhoras go geata. Seasann siad go ciúin, aghaidh dúrach, géaga fillte –garda onóir dímheasúlachta – agus fear óg gan léine da iompair amach sa ghrian ag beirt níos sine. Tá sé ar crochadh eatoru, a ghéaga thar a nguailne. Tá siúl an tsearraigh nua-bhreithe faoi, a cosa ag scríobadh an chosáin is iad a iompair go dtí an lána, agus chaitheann siad ansin é le soberáil. Siúlann siad ar ais chun an tí ag gáire faoin a chás ainnis. Cúig nóiméad eile agus an rud céanna arís, ógánach eile da iompair, a cheann ag rolladh. Samhlaím na coirp ag carnadh, mar choir cogaidh, ach níl ann ach beirt. I gceann níos lú ná uaire tá an chóisir thart. Stopann an ceol, agus filleann an tsráid ar a gnáth rithim.
Dhá lá ina dhiaidh sin tá an dá chlann bailithe taobh amuigh den teach. Níl aoibh ar éinne. Tigeann taxi agus ualaítear le malaí plastic éadaí, mála taistil. Beireann a máthair cailín na bhfiacal francach amach, a leicne fliuch le deora. Dhearcann sí ar ais ar an slua ar an casán, a súile deargimeallacha go h-impíoch. Treoraíonn a máthair isteach i gcúl an taxi í agus as go brách leis, ag preabadh thar an bac tráchta. Tá an chóisir ina críoch.
Original text in English here: Big Fish.