Saolpáirce

Geimhreadh as an choiteanntacht le fuacht atá ann. Maireann an dubhacas chomh fada sin gur dealraitheach nach féidir leis an dúlra an solas a lasadh. Mí Mheitheamh tháinig sé ar deireadh, tháinig aoibh ar an ghrian dúinn agus, go tobann, bhí an t-Earrach buailte linn.

Nuair a thigeann an brothall go Béal Feirste tá deasghnátha áirithe le deánamh : tugann na micléinn sna Holylands a dtolganna amach ar an tsráid, a bhfuinneoga ar leathadh chun ceol nó tráchtaireacht spóirt a scaoileadh amach ar na sráideanna smúracha. Sna tráthnónta luatha éiríonn boladh deatúil feoil rósta thar fhorrú cainte na gcomhrá réamh-ólta i ngairdíní tosaigh agus clósanna cúil. Tagann na triúracha spideanna creathloma le cannaí cider agus a geansaithe faiscthe thart ar a gcoim acu, ag nochtadh easnacha gobacha, tattooanna le litriú Síneacha agus craiceann dearg-dóite. Ná bac leis an Nollaig – is é seo séasúr ceart an dea-mhéin – cuireann an ghrian aoibhneas ar chách. Téann strainséirí i mbun cainte agus grinn lena chéile ar chúinní sráide agus i ngairdíní brúite beoracha. Gluaiseann na dreamanna cailíní ar bheagán éadaí agus spéaclaí gréine thart i gcarranna oscailte, ag scairt go sotalach ar ógánaigh ag gabháil tharstu. Seans go mbuailfidh siad ar a chéile i dtabhairne cois Lagáin ar ball nó i gclub rince brúchtmhar. Tá an súlach ag éirí.

An Satharn atá ann agus tá Páirc Ormeau plódaithe le seanóirí le madaidh, bogshodróirí gnúisghearga, cuplaí ag spaisteoireacht le naíchóistí agus malraigh ar rothair. Tá páistí ag taispeáint na gceapach bláth da dtuismitheoirí agus ag rith go scig-gháireach isteach sna sceacha. Madaidh beaga tafann go fánach ar thóir na n-iorraí glasa a éalaíonn go h-éasca uathu suas sna crainn nua-duilleogacha cnóchapall. Tá grúpa beag póiteoirí giortacha le Alsatian ar rópa i gcúl dorcha an scáthláin, ach ní bhíonn bagairt riamh uathu agus, mar is gnáth, tá beagbeann acu orm ag gabháil tharstu. Bhí mé ag deánamh leisce, mo shuí ar bhinse le h-uair anois ag crú gréine, ag féachaint ar an saol ag dul tharam. Anois tá cuairt amháin dheireannach na páirce da dheánamh agam ar mo bhealach abhaile.

Ar mo ghabháil i dtreo an Bhóthar Ormeau domh gluaisim ón ghrian go dtí an scáth, na crainn síorghlasa ar gach taobh. Tá T-gabháil romham agus casaim ar chlé i dtreo geata íochtair na páirce. Is anseo a chasaim ar bhean óg, ag teacht ó na scáileanna ar mo thaobh clé. Tá sí ag féachaint díreach ar aghaidh, gafa, níl mé faoin a deara agus maolaím luas lena ligint tharam. Tá sí dathúil, le dreach breá agus gruaig dhíreach go guailne aici. Tá gúna fada samhraidh uirthi agus cairdeagan tanaí ar a bharr. Tá a gloiní gréine a bharr a cinn agus mar sin tig liom, is í ag gabháil tharam, a aithint go soiléir go bhfuil sí ag gol go ciúin.

 

Original text in English here.

This entry was posted in Uncategorized and tagged , , , , , , , , . Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s