Süskind

Tosaíonn an cnagaireacht go luath, thart ar a sé. Tuairt chasúr beag miotal ar adhmad an chéad callán. Leanann fuaim scríobala i gcónaí é, tuilleadh cnagaireachta, tuilleadh scríobála. Leanann sé i dtréimhsí ar feadh an lae, an babhta deireannach tar éis am tae. Cosúil leis na scaird-eitleáin ag Aerphort na Cathrach, tá sé chomh coiteanta liom anois nach bhfuil aird agam air. Is é Süskind fear an racáin, an coimeádaí colman, a bhfuil teach aige ar an chúinne. Bíonn sé ag scaoileadh agus ag glanadh an cacamas colman ó mhaidí agus saileanna an lochta colman. Tá chlós cúil ‘saigesan comhthreormhar le sráid ‘sagamsa agus bíonn a dheasghnátha laethúla ar siúl díreach os comhair m’fhuinneog thosaigh.

Is both mór adhmaid é an colmanlann, faiscthe le sraithadhmad bán scamhte; díon réidh feilte air a cheanglaíonn sé síos le rópa nuair a bhíonn gála da tuar. Suíonn sé ar bharr dhíon claonta na cistine, ag fáil tacaíochta ó charchaill miotal san éadan. Chun dul suas ann tá dréimire tógálaí d’aluminium a théann go gealaraí beag adhmaid os cionn geata an chlóis. Dronuilleach le seo tá staighre gairid lochtach a rinne sé féin. Chuir sé dhá chéim nua air faoi dheifir in áit na cinn lofa, ach tá ceann acu ina luí go cam, mar a líníodh páiste é. Tá siad clúdaithe le sceo salach algae liathghlas. Ar aghaidh an bhotha tá líne ocht bhfuinneog  dronuilleogach, clúdaithe le srang circe agus polythene. Os a gcionn tá seilf landála do na héin; tá dhá fhuinneog bhreise agus haiste le hinse ar a bharr.

Ina chaogaidí atá Süskind, brístí dubha neamhshuntasacha air de ghnáth, agus geansaí donn. Bíonn stiallacha geala glagarnacha arda ar a gheansaithe go minic. Ní athraíonn a fheisteas leis na séasúir – ní fhaca mé ariamh gan geansaí é, an lá is brothallaí ar bith. Bíonn ciarsúr thart ar a mhuineál aige mar phúcán deannaigh agus é ag scríobadh amach an chaca; Cuireann sé cuma robálaí traenach sa ‘wild west’ air. Ar bharr a chinn tá moing ghruaige cham fhionnrua air, scuabtha siar óna bhaithis. Cé go bhfeicim go minic ar an tsráid, ar a rothar, é, níor labhair muid ariamh. ‘Sí an spéir a dhúchas.

Tá na deasgnáthacha ann : Ag meanlae téann sé ag bogadaigh suas an dréimire le soithi bia ‘s uisce do na h-éin. Bíonn aoibh air, a bhéal casta ina chár drochghnúiseach, mar abhfuil greann dorcha rúnda eigin da shamhlú aige. Isteach leis i ndorchadas an bhotha éan agus tar éis cupla nóiméad útamála osclaítear an haiste. Nochtar a cheann is a lámha i solas an lae, agus tosaíonn an canadh. Tá guth breá tenór aige agus teilgeann sé amach GalwayBay agus roghanna eile Josef Locke go bríomhar sa tsráid. Baintear preab as na coisithe ag gabháil thart ag an léiriú gan choinne seo agus stadann siad, ag stánadh suas, ach níl aird ag Süskind orthu. An t-aoibhneas amháin a mheallann an canadh. Ag canadh dó drumann sé a mhéara go bog ar an seilf, agus cruinníonn na colmáin anuas ó na díonta is na crainn áit a raibh siad ag fanacht leis. Sciorraíonn siad thart air tríd an haiste, isteach sa bhoth, ar tóir a gcothú. Landáil ceann acu ag deireadh an tseilf, drogall air teacht isteach. Casann Süskind a cheann agus deánann fuaim smeachala lena theanga, lena ghríosadh. Agus an t-éan deireannach istigh scaoileann sé amach bhearsa eile, cúlaíonn amach agus druideann an haiste. Tá an canadh thart ach tá sé ag crónán go h-ard anois ag teacht tríd an doras, ag tiontú lena chur faoi ghlas. Gafa ag an cheol, tá a chosa ag bogadaigh don rithim, a thóin ag lúbarnach mar rinceoir hula. Tá cothú an lae thart, íslíonn sé ar an dréimire, aoibh cam go fóill air. Tá sé níos sona ná éinne de m’aithne.

Níos moille, siúlaim thar a dhoras chun a’ tsiopa. ar tí an bóthar a thrasnú gheibhim splannc fíorgheal buí ar imeall mo radhairc, agus cluinim “fuck” múchta. Casaim mo cheann le nádúr. Süskind atá ann, ag teacht tríd an geata ar a rothar. Níl sé gar domh, nó don fhear óg ag teacht ina choinne. Ag trasnú an bhóthair domh cluinim a ghuth garbh ar mo chúl : “What the fuck are ye lookin’ at?” Casaim mo cheann ach tá sé ar shiúil, ag troitheadh tríd na báistí boige i dtreo Bóthar Ormeau. ‘Sí an spéir a dhúchas.

Original English version here.

Illustration by Susan Hughes here.

This entry was posted in Uncategorized and tagged , , , , , , , , , . Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s