Feallmharfóir

Maidin dhrothanach i nDeireadh Fomhair atá ann agus tá mé ag siúl chun mo chuid oibre ón stad bus i Sráid Bedford. Tá cartán tae milis lachtach ón chíosc i mo ghlac agam. Ag trasnú na sráide ghnóthaí ag Plás Wellington chun dul go Cearnóg Donegall Thuaidh tá mé ar leath-rith an slat dheireannach, agus doirteann an tae tríd poll i gcláibín an chartáin agus síos mo chasóg mhór olann. Ligim mallacht asam faoi m’anáil agus glanaim lem mhuinchille é. Chan dochar domh é. Leanaim ar aghaidh, ag gluaiseacht tríd na slúaite deifreacha ar an chosán liath sleamhain, ag iarraidh timpiste eile a sheachaint.

Ag barr Plás Donegall tá maolú ar líon an tslua, agus tá mé ag trasnú ag na soilse nuair a thagann rothaí agus dóbair go mbuaileann sé mé. Tá sé sáite ann féin – ag canrán leis tríd a bheola beaga suaracha mar iascphus beag teann – ach tíonn sé mé go díreach in am agus stadann sé. Tá sé tanaí, snáthaidghnúiseach, le gruaig  radalach, liath-fhionn, agus culaith spóirt lánchaite air.Títear domhsa nach fada go mbeannóidh sé don fhear dorais le rá seanchaite, isteach leis san ardaitheoir painéalta, agus rachaidh as amharc i gcóisir fheidhmeannaigh an bharrurláir. Tiocfaidh sé amach ar ball beag, frasaithe, cumhraithe, cíortha cóirithe agus culaith miosúir air, do chaife Sumatra agus céadchruinniú an lae. Tá sé ar rothar costasach sléibhe, ach ní thugaim mórán aird air mar go bhfuil a shúile fhuara ghorma dom fhiosrúchán go mion. Ní gá dó rud ar bith a rá: is cuma faoin solas dearg nár stop sé aige, agus is léir gur ormsa atá an locht. Seasaim ansin nóiméad ‘mo staic, tae te ag sileadh ó mo lámh. Ansin tá sé thart. Níl mé ach bearrán dó, chan fíorsprioc a bhirt.

***

 

Original in English here.

Posted in Uncategorized | Tagged , , , , , , , , , , , | Leave a comment

Peil Pholaitiúil

Bhí sé san áit mí-cheart ag an am mí-cheart. Sin a bhí ann go lom. Thiocfhadh liomsa a bheith ann, go h-éasca. Tá mé, go leithleach, buíoch go raibh sé romham, mar gur chosain sé ón fhulaingt a bheadh mo chuid da uireasa. Lá breá earraigh a bhí ann agus sluaite ógánach callánacha ag deánamh aighnis sa tsráid, ag caitheamh buamaí uisce agus ídeadh mhaslach. Bhí na scirmisí páistiúla seo mar athdhíriú buíoch ón teannas seicteach a bhí ag tormáil sa chúlra agus samhradh eile achrannach ag méadú  – póilíní ag brú lucht agóide isteach i gcúlsráideanna an Ormeau Íochtair agus ag ropadh na mórshiúlanna Oráisteacha conspóideacha tríd.

Bhí mé ag siúl ar a chúl, cúig slat bfhéidir, agus an droichead trasnaithe againn. Bhí sé taobh le balla ard bríce gan fhuinneog Ollmhargadh Asia. Ar chlé bhí stiall chúng bhruscarach fhéir. Ní raibh ann ach fear óg coiteanta, t-léine, bríste géine, bróga spóirt air.

Trasna na sráide bhí balla beannach le múrmhaisiú cruinn. Bhí sé mar fhógra fritobac, le hÓráisteach in áit toitín. Bhí mána frith-faisisteach Chogadh Cathartha na Spáinne – No Pasarán – greanta air. Ag bun an bhalla bhi triúr óganach gan léine, a gcuid craiceann ag deargadh sa ghrian. Bhí siad i líne ag colbha an bhóthair, ag scairt anall chuige agus é ag siúl go soineanta romham. Bhí liathróid peile ar an chosán roimhe, agus iad ag iarraidh air é a chiceáil anonn chucu – ‘Hey Boy! Cic chugainn é – ní féidir linn trasnú’.

Sracfhéachaint síos suas an bóthar uaidh, rith gairid suas, a shúile dírithe ar an liathróid. Trua nár thóg sé suas é agus a chiceáil mar chúlbáire – dheánfainn sin, sílim. Bhí na buachaillí thall ar bís le dúil agus díchreidmheacht. Nuair a bhuail a chos leis an liathróid bhí tuairt ciúin ann. Mura mbeadh sé lán cloch scinnfeadh sé go h-éasca thar na caranna a bhí ar bheagán luais. Bhuail sé go gleoite é ach bhog sé – trí orlach bfhéidir. Lig sé béic, scread, léanmhar uaidh maraon le sruth gairsiúlachta. Caithfidh gur bhris sé ladhar ar a laghad. Gonta, léanmhar, siúil sé go bacach go dtí an scáthlán bus agus shuigh síos, na deora ag sileadh ar a ghrua. Bhí na buachaillí thall lúbtha le gáire; níorbh éigean dóibh rith fiú. Bhí an radharc greannmhar dar ndóigh, ach mhúch mé an fonn gáire ionam ag gabháil anonn chun freastail air. Aiféaltas níos mó ná aon rud a bhí ag cur as dó:

–        ‘Tá mé ceart; tá an locht ormsa; in easpa céille atá mé’.

–        ‘Bastards! Chuir siad trasna orm i gceart é.’

–        ‘Ach thiocfadh le rudaí níos measa ná sin a tharla domh san áit seo.’

–        ‘Cúl ormsa, a chara, cúl ormsa.’

***

Original text in English here.

Posted in Uncategorized | Tagged , , , , , , , , , , | Leave a comment

Iasc Mór

Satharn álainn grianmhar ag tús mí Mheithimh atá ann agus tá mé ag tiomáint ar an Ormeau thar sean-oifig an phoist. Ar thaobh eile an bhealaigh mhóir, taobh amuigh den Bangla Bazar, tá beirt fhear ón Rómáin. Sna daicheadaí atá siad, is dócha, brístí dubha giobalacha agus seaicéid culaithe, snasta, gan dul lena chéile, orthu. Is é mo chomharsa é an fear blagaide leis an croiméal mar Saddam Hussein, trasna na sráide uaim, líon tí ghá thaghlach. Tá siad ag roinnt buidéal ollmhór fíona báine eatortha. Tá sé beagnach folamh. Coinníonn mo chomharsa greim ar a rothar lena lámh chlé, ag tógáil slogadh fada, tartmhar den bhuidéal. Tá an rothar aosta, le paistí meirge tríd an péint agus tá ciseán chun tosaigh idir na cluasa agus an roth. Ag gobadh aníos as tá iasc fíor-thoirtiúil. Tá na súile dubha marbha ag stanadh go fiata ar an saol beo thart air. Ní fios domh sort éisc a bhí ann, nó cá h-as ar tháinig sé, ach bhí sé ramhar, ubhchruthach, agus dhá throigh ar fhad, go h-éasca. Dúshlán cócaireachta cinnte.

Tá mé sa bhaile roimh mo chomharsa agus tar éis domh an tsiopadóireacht a stóradh gheibhim canna fuar beorach agus tosaím ag fuastaráil thart sa ghairdín tosaigh. Tá cuid de na Rómáinigh amuigh ar an tsráid : beirt máthair ‘na suí ar an cholbha ag comhrá lena gcara, agus triúr buachaill óga ag rith thart ar an ród. Tá sruth tiubh smugairle ag sileadh ó bheol an té is óige. Tá na héadaigh céanna ar na mná : sciorta fada, T-léine  agus scairf cinn ar a gcuid gruaige fhada dhubh. Tá bolganna bleibineacha agus cíocha móra orthu araon. Uaireanta scairteann siad ar na páistí, a thugann neamhaird orthu, ag sugradh leo ar an bhóthar, go dtí go dtigeann carr agus caithfidh an mháthair í féin a thógáil agus é a tharraingt, ag scréach, ar an chosán. Coinnítear seal gairid sa ghairdín tosaigh  le liathróid iad.

Tigeann beirt eile amach ón teach : cailíní dhá bhliain déag agus ceithre bhliain déag, measaim. Tá an cailín is óige cairdiúil liom ar an tsráid, ‘mo bheannú le ‘hey’ nuair a chasaim leithi, aoibh tharraingteach an gháire uirthi. Tá cuaráin le sála uirthi, brístí airgid agus t-léine bándearg. Tá an cailín eile feistithe mar atá na máithreacha agus an cruth céanna uirthi. Tá aghaidh dhathúil aici ach níl an aoibh uirthi murab ionann ‘s a cara. Faoina beola druidte tá fiacla gobacha francacha. Ag siúl i dtreo an chúinne ritheann an cailín óg chun tosaigh, ag casadh lena géaga sínte i ndamhsa fíor-aoibhnis. Tá rud eigin san aer.

Níorbh fhada go dtigeann an t-athair ar a rothar. Tuirlingíonn sé go héadrom agus ardaíonn an t-iasc go buacach i dtreo na mban. Féachann sé annon chugam agus ardaím mo ordóg dó. Lasann a aghaidh, díolann sé mé agus isteach leis sa teach lena ghabháil. Fagtar an rothar tréigthe.

Dé Domhnaigh tá sé soineanta arís agus tá mé ag ithe lóin sa ghairdín. Trasna an bóthar tá an chóisir in airde seoil : an ceol fiánta callántach ag borradh amach ar an tsráid ina tonnta trumpa agus fidile. Ard-sult atá acu anonn is cosúil agus samhlaím féin ag dul anonn le buidéal fíona le bheith páirteach ann. Tá an t-iasc mór da ghríoscadh, boladh fíor-bhlasta uaidh. Guthanna fear ag scairt, ag liúireach thar an ceol. Tá siad ag tabhairt catha i gceart istigh ansin.

Ní fada go n-iompraítear an chéad taismeach amach. Deánann na mná líne sa ghairdín ó dhoras go geata. Seasann siad go ciúin, aghaidh dúrach, géaga fillte –garda onóir dímheasúlachta – agus fear óg gan léine da iompair amach sa ghrian ag beirt níos sine. Tá sé ar crochadh eatoru, a ghéaga thar a nguailne. Tá siúl an tsearraigh nua-bhreithe faoi, a cosa ag scríobadh an chosáin is iad a iompair go dtí an lána, agus chaitheann siad ansin é le soberáil. Siúlann siad ar ais chun an tí ag gáire faoin a chás ainnis. Cúig nóiméad eile agus an rud céanna arís, ógánach eile da iompair, a cheann ag rolladh. Samhlaím na coirp ag carnadh, mar choir cogaidh, ach níl ann ach beirt. I gceann níos lú ná uaire tá an chóisir thart. Stopann an ceol, agus filleann an tsráid ar a gnáth rithim.

Dhá lá ina dhiaidh sin tá an dá chlann bailithe taobh amuigh den teach. Níl aoibh ar éinne. Tigeann taxi agus ualaítear le malaí plastic éadaí, mála taistil. Beireann a máthair cailín na bhfiacal francach amach, a leicne fliuch le deora. Dhearcann sí ar ais ar an slua ar an casán, a súile deargimeallacha go h-impíoch. Treoraíonn a máthair isteach i gcúl an taxi í agus as go brách leis, ag preabadh thar an bac tráchta. Tá an chóisir ina críoch.


Original text in English here: Big Fish.

Posted in Uncategorized | Tagged , , , , , , , , , | 1 Comment

Süskind

Tosaíonn an cnagaireacht go luath, thart ar a sé. Tuairt chasúr beag miotal ar adhmad an chéad callán. Leanann fuaim scríobala i gcónaí é, tuilleadh cnagaireachta, tuilleadh scríobála. Leanann sé i dtréimhsí ar feadh an lae, an babhta deireannach tar éis am tae. Cosúil leis na scaird-eitleáin ag Aerphort na Cathrach, tá sé chomh coiteanta liom anois nach bhfuil aird agam air. Is é Süskind fear an racáin, an coimeádaí colman, a bhfuil teach aige ar an chúinne. Bíonn sé ag scaoileadh agus ag glanadh an cacamas colman ó mhaidí agus saileanna an lochta colman. Tá chlós cúil ‘saigesan comhthreormhar le sráid ‘sagamsa agus bíonn a dheasghnátha laethúla ar siúl díreach os comhair m’fhuinneog thosaigh.

Is both mór adhmaid é an colmanlann, faiscthe le sraithadhmad bán scamhte; díon réidh feilte air a cheanglaíonn sé síos le rópa nuair a bhíonn gála da tuar. Suíonn sé ar bharr dhíon claonta na cistine, ag fáil tacaíochta ó charchaill miotal san éadan. Chun dul suas ann tá dréimire tógálaí d’aluminium a théann go gealaraí beag adhmaid os cionn geata an chlóis. Dronuilleach le seo tá staighre gairid lochtach a rinne sé féin. Chuir sé dhá chéim nua air faoi dheifir in áit na cinn lofa, ach tá ceann acu ina luí go cam, mar a líníodh páiste é. Tá siad clúdaithe le sceo salach algae liathghlas. Ar aghaidh an bhotha tá líne ocht bhfuinneog  dronuilleogach, clúdaithe le srang circe agus polythene. Os a gcionn tá seilf landála do na héin; tá dhá fhuinneog bhreise agus haiste le hinse ar a bharr.

Ina chaogaidí atá Süskind, brístí dubha neamhshuntasacha air de ghnáth, agus geansaí donn. Bíonn stiallacha geala glagarnacha arda ar a gheansaithe go minic. Ní athraíonn a fheisteas leis na séasúir – ní fhaca mé ariamh gan geansaí é, an lá is brothallaí ar bith. Bíonn ciarsúr thart ar a mhuineál aige mar phúcán deannaigh agus é ag scríobadh amach an chaca; Cuireann sé cuma robálaí traenach sa ‘wild west’ air. Ar bharr a chinn tá moing ghruaige cham fhionnrua air, scuabtha siar óna bhaithis. Cé go bhfeicim go minic ar an tsráid, ar a rothar, é, níor labhair muid ariamh. ‘Sí an spéir a dhúchas.

Tá na deasgnáthacha ann : Ag meanlae téann sé ag bogadaigh suas an dréimire le soithi bia ‘s uisce do na h-éin. Bíonn aoibh air, a bhéal casta ina chár drochghnúiseach, mar abhfuil greann dorcha rúnda eigin da shamhlú aige. Isteach leis i ndorchadas an bhotha éan agus tar éis cupla nóiméad útamála osclaítear an haiste. Nochtar a cheann is a lámha i solas an lae, agus tosaíonn an canadh. Tá guth breá tenór aige agus teilgeann sé amach GalwayBay agus roghanna eile Josef Locke go bríomhar sa tsráid. Baintear preab as na coisithe ag gabháil thart ag an léiriú gan choinne seo agus stadann siad, ag stánadh suas, ach níl aird ag Süskind orthu. An t-aoibhneas amháin a mheallann an canadh. Ag canadh dó drumann sé a mhéara go bog ar an seilf, agus cruinníonn na colmáin anuas ó na díonta is na crainn áit a raibh siad ag fanacht leis. Sciorraíonn siad thart air tríd an haiste, isteach sa bhoth, ar tóir a gcothú. Landáil ceann acu ag deireadh an tseilf, drogall air teacht isteach. Casann Süskind a cheann agus deánann fuaim smeachala lena theanga, lena ghríosadh. Agus an t-éan deireannach istigh scaoileann sé amach bhearsa eile, cúlaíonn amach agus druideann an haiste. Tá an canadh thart ach tá sé ag crónán go h-ard anois ag teacht tríd an doras, ag tiontú lena chur faoi ghlas. Gafa ag an cheol, tá a chosa ag bogadaigh don rithim, a thóin ag lúbarnach mar rinceoir hula. Tá cothú an lae thart, íslíonn sé ar an dréimire, aoibh cam go fóill air. Tá sé níos sona ná éinne de m’aithne.

Níos moille, siúlaim thar a dhoras chun a’ tsiopa. ar tí an bóthar a thrasnú gheibhim splannc fíorgheal buí ar imeall mo radhairc, agus cluinim “fuck” múchta. Casaim mo cheann le nádúr. Süskind atá ann, ag teacht tríd an geata ar a rothar. Níl sé gar domh, nó don fhear óg ag teacht ina choinne. Ag trasnú an bhóthair domh cluinim a ghuth garbh ar mo chúl : “What the fuck are ye lookin’ at?” Casaim mo cheann ach tá sé ar shiúil, ag troitheadh tríd na báistí boige i dtreo Bóthar Ormeau. ‘Sí an spéir a dhúchas.

Original English version here.

Illustration by Susan Hughes here.

Posted in Uncategorized | Tagged , , , , , , , , , | Leave a comment

Seirbhís le Grainc

Is Pluais Aladdin suáilcí é an ollmhargadh Asia ar chúinne Ascal Agincourt ‘s Bóthar Ormeau. Is bloc toirteach,dronuilleannach gan fhuinneog é atá folaithe ar thaobh an Ormeau le crainn smúracha caorthatinne agus plandaí tiubha. Os do chomhair, ar an ascal, tá doras beag gorm siopa míshonrach atá crandaithe ag ollmhéid an trádstorais béal dorais. Ar na gabháil isteach duit fágann tú na h-ardáin boga banúla Victoriacha id’ dhiaidh agus isteach leat i ndomhan eile ar fad. Corcóg garbhsholas ghíomhaíochta atá ann. Ar dheis osclaíonn sé isteach sa trádstoras, áit a mbíonn grosaeraí i gcótaí donna ag scairt ar a chéile i Sínis, ardaitheoirí forc ag dordán ar a gcúl. Sa siopa féin tá teaghlacha ó ghach cearn den domhan ag brú a mbealach tríd na pasáistí cúnga, a dtrálaithe carnaithe go h-ard.

Ar na seilfeanna gheobhaidh tú : pacaistí spíosraí, potaí cré de chabáiste leasaithe, crúscaí ola chilli is taos curry, sobhlaistí sesame, molás pomegranate; meallacha greamaitheacha rís, te go fóill, i nduilleoga lotus, cannaí iasc anathnaid, seiteanna  phorcelain tae, dornáin fenugreek úr, ológa ón Tuirc, cosa circe, fungas dubh triomaithe, túis tréan Indiach, raidís gealbhuí piocáilte; buidéil anlainne, te, dearg, banana; sake, smugairle rón triomaithe, sraith iomlán noodle ar an toirt go gealphacáiste, wokanna geala nua, sacanna rís sushi, boilg muicfheola, sumak, halva le cnóanna pistachio, gulab jamun siorpach, agus tae glas. Carnaithe suas go h-ard tá na riachtanaisí : préamh ginger, piobair chilli de ghach saghas ina glacanna, oinniúin, gairleog, aubergineanna foirfe, dubhchorcra; dornáin féir liomóin is coriander. Sna reoteoirí tá trádirí dim sum, iasc abhann ó Bhangladesh, pancóga do Peking Duck, bocsaí gréagacha Torpedo Shrimp i ngrabhróga aráin, agus rogha rollaí earraigh. Is eachtra é gach cuairt; sobhlaistí nó cathú nua mar dhuais ar an taiscéalaíocht. Má tá sé uait tá sé acu.

Inniu ‘sé tofu mo mhian don oideas bia. Níor bhain mé úsáid as sa chistin go fóill ach tá an pictiúr sa leabhar an-tharraingtheach so bainfidh mé triail as. Ach tá mé clóite. Da ghéire mo chuardach, níl rath air; ar an aon uair seo, níl sé acu. Ar deireadh fiafraím de cheann de na freastálaithe siopa, bean óg doighiúil Síneach : ‘Tofu. Tigeann sé ar an Dheardaoin,’ ar sise i mblas Bhéal Feirste. ‘Bí anseo go luath amárach le bheith cinnte’. Gabhaim buíochas di ‘s ar aghaidh liom. Fadbh anois agam. Tá mo chroí daingnithe ar na noodles so-bhlasta seo. Anois, anocht. Tar éis cúpla nóiméid moille socraím ar an tofu leasaithe atá ar an seilf taobh leis an ginger piocáilte. Gabhaim tríd na prócanna éagsúla ach ní thig liom iad a léamh – litreacha Síneacha orthu – so caithfidh mé tomhas a bhfuil ionntu. Ar deireadh toghaim meascán suimiúil de na ciúbanna bána in ola maraon le chilli dearga agus spíosraí. An job ceart. Ar aghaidh liom go dtí an cuntar áit a bhfuil seanbhean fhíochmhar ag freastal. Aoibh orm di agus beannacht : freagra ar bith uaithi ní bhfuair mé ach grainc bagrach. Piocann sí tríd na h-earraí ceann ar cheann, scaillíní, noodle uibhe, ginger, péacanna pónaire agus cuireann sí go cailín siopa taobh leithi iad le cur i mála. Tógann sí an tofu, féachann ar an lipéad agus ansin ormsa. ‘No,no,no,’ ar sise go dian, ag leagan súil dúr orm trína spéaclaí tiubha dubh-imeallacha. ‘Níl seo de dhith ort. Gan mhaith’. ‘Ach…ach is maith liom bia spíosraithe’, arsa mise. Síneann sí an próca chugaim : ‘No, cuir ar ais é. Buachaill maith.’ Agus mise ag casaoid go fóill : ‘Tá sé bréan! Bréan! Imigh!’ Cuirim an próca ar ais, íocaim is fágaim. Tofu amárach, mar sin.

Original in English: Service with a Frown.

Posted in Uncategorized | Tagged , , , , , , , , | Leave a comment

Girseach na Gealaí

Titeann an dorchadas go luath sa gheimhreadh i mBéal Feirste. Glacann tú leis, go héarthach, mar dhíol ar na h-oícheanta fhada spleodracha samhraidh, ach, mar sin féin, mí na Nollag atá ann anois agus tá Meitheamh i bhfad uainn. Tá sé deacair cuimhne a mhealladh ar teas agus spéirtha gorma na tráthnóna agus é dubh dorcha ar a cúig.

Tá sé feannaideach amuigh; tá an t-aer glé glan. Ainneoin solas buí na lampaí sráide tá an spéir ábhalmhór, ábhaldhoimhin; tá an ioliomad réalta le feiceáil go rí-ghéar, gan scamall gan smál. Ar oícheanta mar seo, agus an olloiread réalta scaipithe romhat, tá tú umhal roimh scála na cruinne. Is corrán ramhar, maol, deirceach í an ghealach; beagnach scothlán. Luíonn sí go h-íseal sa spéir, samhail fathachúil os cionn díonta na dtithe, na línte agus cráitéir go soiléir uirthi. Tá Béal Feirste folctha ina solas bán; na cosáin reoite agus díonta ag glioscarnach ina luisne. Tá sí draíochta agus tigeann fonn ort an carr a stopadh chun féachaint uirthi.

Ach ní thig leat go fóill. Tá tú tar éis do iníon ceithre bliain a bhailiú ón bhean chúramaí, agus caithfidh tú í a thabhairt ‘na bhaile agus a chothú sul a mbíonn clampar ocrais uaithi. Tá sí fáiscthe go slán ina suíochán i gcúl an chairr, í go teolaí ina súisín bándearg. Ag tiomáint go mall thar na bacanna luais i Sráid Kimberley tíonn tú an ghealach san fhuinneog dheas. Tíonn sise don chéad uair í : “Féach!” adeir sí le híontas. “Sea,” a deir tú, “nach bhfuil sí gleoite.” Ar ais ag an teach cuachann tú chugat í chun faire ar an chorrán airgid. Tar eis cúpla bomaite smaointeacha ciúnais, ar sise: “An Ghealach – tá sí dár nglaoch.”

Ritheann crith síos do dhroim: tá draíocht ag an ghirseach seo.

 

***

Original in English: Moon Child.

Posted in Uncategorized | Tagged , , , , , , , , , , | 2 Comments

Am Miller

Tá tógálaí ag obair sa teach folamh béaldorais liom. Tosaigh sé go luath maidin inniú ag cur isteach ar mo shuan Satharn. Bhí mé amhigh aréir agus tá mo shúile greamaithe, mo bhéal tirim. Ba bhreá liom uair amháin eile. Cluinim tuairteanna muchta tríd na ballaí, agus anois is arís raspáil agus geonaíl driolla comhachta. Mo chóta seomra orm, síos liom chun na cistine leis an citeal a líonadh. Tá sé imithe amach sa chlós cúil anois, agus tríd an fhuinneog oscailte cluinim ag feadaíl é os cionn na cnagaireachta. Is é an tiún is ansa leis ná In The Mood le Glen Miller is a Bhanna Mór. Tá an tógálaí ag tabhairt an iomláin dó, ag aithris an trombone agus an trumpa chomh maith leis an fhonn. Is léiriú gan locht é : nóta-fhoirfe, ardéirimiúil, agus tógálach.

Bainim súimín as an tae. Tá an lá ag gealú.

Original text in English here.

Posted in Uncategorized | Tagged , , , , , , , | 2 Comments