Ba ghnáth liom siúl thar an neachtlann ar bharr Ascal Aginciurt ar mo bhealach go h-Ollscoil na Banríona. Sa gheimhreadh ghearrfainn tríd an lána chun teas an ghal te a phléasc amach ó na triomitheoirí lastigh a mhothú. Bheinn ag dréim leis an chuid seo den turas : an gal, boladh na n-éadaí nua-nite, an cailín doighiúil taobh thiar den chuntar. Sa samhradh chloíghfinn leis an chosán, ag seachaint na gaile. Brúchtann fuaimeanna na neachtlainne amach ar an tsráid tríd na doirse oscailte : monabhar na meaisín, comhrá múchta, agus ar bharr sin uilig, glamaireacht stáiniúil an radio ag seinm popcheoil. Lá brothallach amháin thug mé faoi deara gur fágadh an radio ró-ghar do cheann de na triomitheoirí, agus gur leáigh na taobhanna plaistic síos ina bpraiseach casta corraithe a bhí ag seinm go fóill! ‘Disco Inferno’ a bhi ar siúl aige.
Original in English here.